Seacht mBliana de Líníocht

This is a copy of the article which appeared in the online magazine 'Beo' in October 2009

CÚINNE NA nEALAÍON

Seacht mBliana de Líníocht

Ciara Nic Gabhann

Ciara Nic Gabhann

Bhí Ciara Nic Gabhann ag caint le Michael Doherty, ailtire agus ealaíontóir as Béal Feirste a bhfuil bonn faoi thiar i gcondae a shinsir, Tír Chonaill, le tamall de bhlianta. Tá lorg Conallachar a shaothar faoin am seo, lorg a fheicfear ag an taispeántas ‘Seacht mBliana i nGleann Cholm Cille’ aosclófas i mBéal Feirste tús na míosa seo.

Beidh taispeántas ealaíne Seacht mBliana i nGleann Cholm Cille ag an ealaíontóir Feirsteach, Michael Doherty, i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ag oscailt ag tús na míosa seo.

Caitheann an taispeántas súil ar an tírdhreach áitiúil chomh maith leis an sráidbhaile anuas tríd na blianta. Aimsíonn Michael radharcanna a léiríonn maorgacht na timpeallachta agus spreagann sé ár bhfiosracht maidir leis na scéalta agus leis an stair atá faoi cheilt sna seantithe agus sna ballai cloiche a chuireann sé ina chuid pictiúr.

Thosaigh Michael agus a bhean chéile Irene ag teacht go Gleann breis is 10 mbliana ó shin agus iad ag triall ar cuairt chuig cara. Chuaigh an ceantar i bhfeidhm orthu agus nuair a cheannaigh siad teach samhraidh, fuair siad an deis fréamhacha dá gcuid féin a chur síos sa cheantar chomh maith le hateagmháil a dhéanamh leis an chontae ina raibh sinsir Michael, Clann Fiamhain nó Muintir Uí Dhochartaigh, faoi iomrá leis na céadta bliain siar. Mar atá ag ceann de na seandánta ag CELT, ‘Innis ród, a Ráith Oiligh’: 26. Ó Dochartaigh Dhúin Oiligh — créad dob áil dá fiarfoighidh — gnúis taoibhneambán go ngné ghil,m’aoinleannán é ina aimsir. 27. Fuil Fiamhain giodh iad is fearr d’folaibh uaisle na hÉireann, mar bhíd réaltana um ré lán, a n-éantogha is sé Seaán. (http://www.ucc.ie/celt/online/G402563/text029.html)

Ghlac Michael leis an deis a bheith ag cur lena gcuid Gaeilge trí ranganna Oideas Gael agus chuir sé fáilte roimh an tsaoirse chun achumas líníochta a chleachtadh arís.

“Rinne mé ealaín don A- leibhéal agus nuair a bhí mé ag freastal ar an ollscoil, rinne me beagáinín fosta, ach tá achan rud i gcúrsaí ailtireachta dírithe ar na ríomhairí anois. Sileann daoine go gcaitheann ailtirí an chuid is mó den lá ag déanamh pictiúr! Níl mórán deis agat sin a dhéanamh. Nuair a bhí an teach faighte againn, shocraigh mé gur áiméar a bhí ann sult a bhaint as an tírdhreach, b’fhéidir ag dul amach ag siúl, ag cleachtadh mo chuid Gaeilge agus a bheith ag déanamh pictiúr.”

An Saothar

Tá cruinneas an ailtire le feiceáil ina sceitseanna tosaigh, déanta le peann luaidhe, agus is léir an sult a bhaineann sé as an sceitseáil. Chomh maith leis sin, tá tuiscint iontach ag Michael ar an pheirspeicíocht líníoch, ar chodarsnacht línte agus ar na marcanna éagsúla a chuireann toin agus uigeachtaí an cheantair i láthair go feidhmiúil. Thosaigh sé ag freastal ar ranganna líníochta fíoracha i mBéal Feirste agus dhearbhaigh sé gur chuidigh an cleachtadh seo lena mhodh líníochta féin a fhorbairt.

“Le líníocht fíoracha, caithfidh tú a bheith ag obair ón ghualainn” - ar an ábhar gur saothar níos mó atá ann agus go bhfuil teorainn ama i gceist – “mar sin tá na marcanna a dhéanann tú go hiomlán difriúil. Bhí mé ag iarraidh dathanna a thabhairt isteach san obair ag úsáid criáncointé daite, ag iarraidh nasc a dhéanamh idir an líníocht agus ábhair sa cheantar seo.”

Is ábhair spreagtha ag Doherty an Ghaeilge, béaloideas, stair agus logainmneacha Ghleann Cholm Cille agus tá siad le feiceáil fite fuaite ina shaothar. Insíonn sé go magúil go raibh sé ag leanúint coiscéim ‘an chreachadóra’ Naomh Colm Cille i sraith pictiúr a rinne sé a bhí bunaithe ar na galláin cloiche atá le feiceáil ar Thuras Cholm Cille.

‘Tháinig Colm Cille isteach agus chuir sé comharthaí na Críostaíochta ar bharr na gcloch a bhíodh ina gcomharthaí ar an phagántacht anuas roimhe sin. Creachadóir a bheadh ionam dá mbeinn ag iarraidh mo ábhar féin a chur ar na clocha sin anois! Rinne mé pictiúr de chloch atá taobh amuigh de stáisiún an Gharda agus scríobh mé air, “Bhí Colm Cille anseo” agus is é an t-ainm a chuir mé leis an phictiúr nó, ‘Creachadóir ag an Staisiún’.

An Tírdhreach

Téann tírdhreachanna Michael in aghaidh coinbhinsiúin, agus luann sé Art Nouveau, Egon Schiele agus an ghluaiseacht Die Stijl mar ábhar ealaíne a thaitníonn leis. Is díol suntais a rogha – línte cúramacha grástúla an Art Nouveau i gcodarsnacht le pictiúir smeartha Schiele agus tá an chodarsnacht chéanna le brath ina shaothar féin. Coinníonn sé istigh na cáblaí agus na cuaillí fóin ina chuid tírdhreachanna agus is mar sin a dhéantar nasc leis an saol loighciúil agus leis an dúlra fiáin.

“Síleann daoine gur cóir rudaí mar sin a scuabadh amach, go mbeadh an pictiúr níos rómánsaí gan iad, ach is breá liomsa iad! Is cuid den tírdhreach iad! Baineann sé leis an A- leibhéal a rinne mé sa mhata, is docha. Sin cuar parabóileach (ag caint ar chuar cábla atá os ár gcomhair). Amharc chomh deas is atá sé.”

Tá clú agus aitheantas náisiúnta ar ailtireacht Doherty as ucht na fhoirgnimh phoiblí fhísiúla,mhuiníneacha atá curtha ar fáil acu. Tá gaol láidir ag an chomhlacht le Béal Feirste agus le pobal Gaelach na cathrach sin go háirithe. Tá go leor foirgneamh suntasach acu ansin (An Nasc, Bunscoil Feirste, Meánscoil Feirste, Teach Basil) a thaispéanann a mbá leis an chultúr, an stair agus leis an teanga. (http://www.ajspecification.com/Buildings/PictureGallery/?CIBuilding_ID=49)

Is mór an bhaint atá ag Michael é féin go pearsanta le saol na Gaeilge. Tá, mar shampla, an díospóireacht a chuir sé ar bun le haghaidh suaitheantas nua do lucht labhartha na Gaeilge chomh maith leis an obair chomhairleorachta a rinne sé do ‘Easyreader’, pacáiste foghlama Gaeilge.

Is saol saor ó strus an saol a bhíonn ag Michael de ghnáth agus é ag dul don líníocht sa Ghleann agus, mar a dúirt sé liom, déanann sé cinnte go mbíonn sé cóngarach do thábhairne Toigh Roarty, nó do chaife an Chlacháin, ar eagla go mbuailfidh an tart é agus é ag líníocht leis! Stopann daoine agus é ag tarraingt fá choinne comhrá beag leis. Is mar sin a dhéanann pictiúir ’s aige, ní amháin fíorthaifead ar áilleacht an Ghleanna, ach ceiliúradh fosta ar an am phléisúrtha a bhí caite aige á ndéanamh.

Seolfar an taispeántas i gCultúrlann McAdam-Ó Fiaich, Bóthar na bhFál, Béal Feirste ar an 4ú Meán Fómhair agus mairfidh sé go dtí deireadh na míosa.

http://www.beo.ie/alt-seacht-mbliana-de-liniocht.aspx

Stad a haon

Cúbtha

An Creachadóir

An Dochartach, Mícheál

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá

Everyone left but the Child