101

Artist: Michael Doherty

Title: Caiseal

Medium: Pencil on Paper

Location: Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Belfast

This picture is about language and placenames and the loss of sense of place that comes about when language is lost.

Tá an pictiúr seo le feicáil go poiblí ar an phríomhstaighre i gCultúrlann McAdam Ó Fiach ar bhóthar na bhFál i mBéal Feirste.

Tá an pictiúr déanta ag amhairc thíos ar phríomhshráid Ghleann Cholm Cille i nGaeltacht Tír Chonaill i ndiaidh chomhrá le cailín as an cheantar céanna.  Bhaineann an pictiúr leis an nasc idir teanga agus áit. Tá an sean chaiseal ar chlé agus is é an phríomhshráid sa bhaile fearainn darb ainm 'caiseal' atá ar dheis.

Is é 'Caiseal' ainm an bhaile fearainn seo a bhaisteadh as an chaiseal, is é sin sean-dún ón 10ú aois, atá suite in airde san áit agus atá anois ag cúl Tí Roartaí.

D'imigh mé isteach i dTí Roartaí, an teach tábhairne, lá éigin ag cuardach eolas faoi bhealach chuig an chaiseal. Bhuel, níor thuig an cailín a raibh mé ag caint lei go raibh a leithid ann agus gur baisteadh an bhaile fearainn as an chaiseal.

Níos moille sa teach tábhairne bhí mé ag caint le cailín eile ar chomhaois leis an chead ceann. Bhí sí bródúil le bheith ábalta a rá nuair a bhí sí óg deirteá 'má thógann tú cloch as an chaiseal sin tógfaidh na síoga thú'.

Níor thóg.

Is sin í, m'íomhá faoin chailín céanna, ag súgradh ar bharr an chaisil nuair a bhí sí óg.